Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)

Suíomh:
Dealgain, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Riain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0041, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0041, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dealgain
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “Scéilín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí naomh in Éirinn tráth darbh ainm Maol Anfaidh. Lá dhá raibh sé ag taisteal na coille chuala sé an t-éinín ar an gcraobh agus é ag caoineadh ós árd. "A Dhia" arsa Maol Anfaidh mar bhí báidh aige lé gach rud dár chruthaigh an Dúleaimh. A Dhia" ar seisean "ceard seo. Ní íosfaidh mé na ní chúlóidh mé go bhfoilsítear dom fáth buartha an éinín grádhmhair seo". Ar an nóiméad sin las solas sa gcoill is chonaic sé chuige an t-éinín álainn. "A Mhaol Anfaidh" arsa an t-aingeal leis, "ná bhíodh brón ná cuma ort. Molua Mac Ócha a bheidh tar éis bháis. Lé linn a shaoil níor mharaigh Molua aon dúil bheo is ar a ábhar sin ní mó cumha na ndaoine ina dhiaidh na cumha na nathanna éigiallta. Leis an bfocal sin d’imigh aingeal an Tiarna is d’fhág Maol Anfaidh ag machnamh dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mrs Liunn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Conachar, Co. na Gaillimhe