Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)

Suíomh:
Dealgain, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Breandán Ó Riain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0041, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0041, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dealgain
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann uair amháin agus bhí tinneas uirthi. Cuir sí fios ar an dhochtúir. Tháinig sé agus
    bhi a mhac leis. D'feach sé faoí an leabaidh nuair a tháinig sé isteach an doras. Chonnaic sé craiceann
    óráistí faoí agus dubhairt sé "d'ith tú óráiste agus sin é an fáth go bhfuil tinneas ort". Chuaidh sé abhaile annsin. An oidhche sin d'éirigh an bhean níos measa. Chuir sí fios ar an dochtuir arís. An uair seo tháinig an mac. D'feach sé faoí an leabaidh nuair a tháinig sé isteach. Chonnaic sé srían ann agus dubhairt sé "d'ith tú asal agus sin é an fáth go bhfuil tinneas ort"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    John Higgins
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Conachar, Co. na Gaillimhe