Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 380

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 380
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Do bhí an Mhaigdhean Mhuire amuigh le tuitim na h-oidhche uair. Bhí an oidhche ag báisteach go h-an trom agus bhí an ghaoth ag séideadh an tséail do bhí thart uirrí féin agus ar an Mac. Ní raibh sé acht i n-a Naoidheanán ins an am sin. Do bhí an bheirt aca báidhte fliuch. Do bhí sí ag siubhal go dtáinigh sí go bothán do bhí ar taoibh an bhothair.
    Do réir mar bhí sí ag teannadh leis an mbóthán chuala sí torann, torann mar bheadh duine ag bualadh stán le casúr. Ní raibh sé in-a oidhche baileach, is ní raibh an doras dúnta. Do sheas sí ag an doras gur bheannuigh isteach. Tinncéir do bhí ag déanamh báisín do bhí istigh. D'iarr sí ar son Dé a ndéanfadh sé biorán dí do chongbhóchadh a seáil thart uirthi féin agus ar a leanbh.
    Do bhí an tinncéir mí chéadfach mí-mhúinte léithi agus dubhairt sé léithi imtheacht, go raibh rud eicínt le déanamh aige seacas do bheith ag déanamh biorán do chuile duine do rachadh an bealach. D'imthigh sí léi brónach go leor. Do bhí sí ag siubhal go dtáinig sí go dtáinig sí [!] go ceárdcha. Do bhí an gabha istigh ag séideadh na mbolg ins an am. Do chuir an Mhaighdean Bheannuighthe bail ó Dhia ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge