Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Bhí aon mar amháin aige. Ní raibh sé i bhfad pósta, gur cailleadh a bhean air. Bhí an fear an-cráidhte in-a diaidh. Lá amháin tháinig bean óg isteach aige agus phós sí í. Nuair a bhí an mac dhá bhliadhais déag d'aois chuir an bean é ag tabhairt aire do bheithidhigh an sliabh. Nuair a thagadh sé abhaile ní thuibhradh sí le n-ithe dhó ach fataí agus ní thuibhfadh sí le n-ól dhó ach braon uisge fuar. Lá amháin nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh ar an sliabh tháinig an tarbh chuige dubhairt sé leis an mbuachaill na adhairce a bhaint dhó agus go ngeobhadh sé biadh agus deoch as na adhairce. Bhain an buachaill na adhairce de'n tarbh agus fuair sé neart le n-ithe ann.
    Nuair a bhí a dhóithain ólta agus ithe agus chuaidh sé abhaile. Nuair a bhí sé sa mbaile leagadh a bhéile ós a chómhair agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithe agus ólta aige. Dubhairt an bhean go bhfuigheadh sí amach céard a bhí ag tabhairt an bhiadh dó. Dubhairt sí leis, na bathidhigh a thiomáint abhaile ag an tráthnóna seo. Nuair a bhí sé ag tabhairt aire do na buaibh tháinig an tarbh arís agus d'ith agus d'ól sé a dhóthain. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile thionáin sé na beithidhigh abhaile roime. Leagadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh go raibh a dhóthain ithe agus ólta aige.
    Dubhairt an bheanleis go nggeobhadh sí amach céard a bhí ag tabhairt an bhiadh dhó. Leagadh a bhéile faoi aríst agus dubhairt sé nach raibh sé ag teastáil uaidh. Dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. na Gaillimhe