Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 352

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 352
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí bó aige. Chuaidh sé amach lá amháin ag bleaghadh na mbó agus ní raibh aon bainne aici. Lá ar na bhároch chuaidh sé amach arís agus chonnaic sé girrfiadh ag bleaghadh na mbó. Do chuaidh sé isteach h-aghaidh a ghunna acht nuair a tháinic sé amach arís bhí an girrfeadh imthighthe. Lá ar na bhárach chuaidh sé amach agus bhí an girrfiadh ann arís. Do chaith sé urchar leis, acht níor mharbhuigh sé é.
    Lá ar na bhárach chuaidh sé amach. Do bhris sé réal agus do chuir sé isteach ins an urchar é i n-ionad an luaidh. Chonnaic sé an girrfiadh agus chaith sé urchar leis agus do bhris sé a chos. Lá sneachta do bhí ann agus do lean sé an fuil tríd an sneachta go dtí gur tháinic sé go teach beag. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé bean i na luighe ar leabaidh agus bhí a cos briste. Dubhairt sí leis nach mbeadh aon ádh go deo air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Mhóinín Thiar, Co. na Gaillimhe