Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí triúr mac ag Pádhraigh Uí Dhonnchadha. Oidhche amháin cuireadh an máthairsa séipéal. D'iarr an t-athair do'n tríomhadh mac an rachadh sé ag faire ar an eascon mhór a bhí le teacht (teacht) faoi an doras. Dubhairt an mac go rachadh dá bhfuighead sé claidheamh an fláithbeartach. Annsin fuair sé an claidheamh agus chuaidh sé ag faire an eascoin. Ní raibh sé i bhr[?] istigh nuair a tháinig an eascon. Bhuail an mac buille dhá chlaidheamh uirrí agus marbhuigh sé í. Nuair a bhí sí ag fáighe bháis thug sí léim agus bhain sí an mhéir do'n mhac.
    Tamall in-a dhiaidh sin tháinig ráidhre ins an talamh. Ní raibh sé i bhfad annsin nuair a tháinig cailleach mhór aige agus dubhairt sí leis glanadh go beo nó go márbhochadh sí é. Nuair a bhí sé ag dul amach an doras casadh bodach mór láidir leis. Nuair a chonnaic cú mac Uí Dhonnchadha é rug sí i ngreim piabáin agus mharbhuig sí é. 14 bliadhain déag in-a dhiaidh sin bhí sé ag dul an bealach agus é ar capall. Tháinig cat mór taobh thiar dó agus mharbhuigh sé é. Deirtear go bhful a phictiuir istigh thuar i gCill Eola [?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Míchael Ó Cuirrín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe