Scoil: Naomh Séamus (Freeport)

Suíomh:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maolruanaí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Leathanach 343
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tamall fada ó shoin bhí áit ins an bhfairrge na raibh gach long ag dul síos, agus ní raibh fhios ag an gcomhluadar céard a bhí ag teacht ortha. Dubhairt captín amháin dá bhfuigheadh sé a rogha rud go bhfuighead sé amach céard a bhí ann agus dubhairt an gcomhluadar go dtiubhradh.
    Fuair sé long agus tuagh mór a raibh 10 dtona de mheadhchain innte. Chuaidh sé go dtí an áit in-a raibh na longa ag dul síos. Thosuigh an fuireann ag faire. Connaiceadar eascon mhór agus chuir sé a chloigeann suas thar an long agus thosuigh sé ag fáisceadh síos. Annsin d'árdughadh an tuagh agus leigeadh síos é agus rinneadh dhá leith dhó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. na Gaillimhe