School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 317
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba é Nioclás Ó Lionnseach an Tighearna talmhan a bhí ar an áit seo. Bhí sé in-a thíghearna talmhan ar feadh céad bliadhain ins an áit. Uair amháin bhí bean ag obair dhó agus thosuigh sí ag deanamh amhráin. Seo é piosa de'n amhrán.
    Déanfar droichéad óir ar pholl an eistire fós agus beidh airgead i bpócaí an mháighistir. Arm seasta go leor teacht ag déanamh spóirt le amharc a fhágháilt ar an óg fear áluinn. Fíon is punch go leor a beas againn ar bord. Sláinte fear dhá ól trí ráithe. Seo rud ar an aos óg nach sgaradh leis go deo agus beidh buadh Chonnacht ag Loinnseach Bhearna. Tá longa ag an Loinnseach a rinneadh ins an tír seo go na croinn agus an choill a d'fhás dó. Acht go glas cuileann a fuair ceart agus caoi ar gunaí ar taobh a lámha. Fásann cruithneach mhaol ins an áit siubhalann sé chomh paiteanta is tá fear i mBearna. Teigheann na beacha ó dhúil a gcuid meala le na chúl agus na h-eanlaithe ag leigeann a gclumhach le fánaidh. Acht Loinnseach áluinn úr a bhfuil léirgeas in-a shúil a dtigeadh iasg ar chuile chuan mar geall air. Is go mbéidir gur bé adeir breith a bhéal gur aingil é féin a bhí i gcualadar Mhic Dia na ngrásta.
    Bhíodh go leor daoine ag obair ins an ngarrdha mór seo cuid aca Liam Ó Gríobhtha, Tomás Ó Gríobhtha, Pádhruig Mhac Uí Ghoill, Pádhraig Ó Cáthain, Seán Ó Ceallaigh, Tomás Mac Donnachadha, Pádhruig Mac Donnachadha agus Stiophán Mac Donnachadha. Bhíodh gach duine aca seo ag fágháil 10 bpigne sa ló. Annsin bhí Liam o
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe