Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An bheirt a bhí i RosBhí beirt daoine ag dul le chéile i Ros tuairim is cúig céad bliadhain ó shoin. Fear óg agus bean óg a bhí ionnta. Bhíodar ag dul le chéile ar feadh ceithre bliadhan, agus phós an fear cailín eile agus fuair an cailín a bhí sé ag dul i n-aoinfheacht leis, bás le briseadh croidhe. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile, rinne sé aith-ghiorra tré choill atá i Ros. Tháinic an cailín agus rug sí ar a dhá chois agus tarraing sí é tríd an gcoill. Bhí sé ag breith ar croinnte móra agus bhí sé 'ghá dtarraingt as an talamh.
Annsin rug sé ar sg(e)ich ghil, agus tharraing sé as an talamh é agus d'fhág sí annsin é Fritheadh é lá ar na bhárach, d'innis sé an sgéal agus fuair sé bás Tháinic an dochtúir agus dubhairt sé go raibh a lámha as a n-áit. Tháinic daoine as tíortha eile ag breathnughadh ar an áit- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe