Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 266
- XML (gan teideal)
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Aon uair amháin casadh beairt fir le chéile. Fear beatha agus fear tanaidhe a bhí ionnta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sé go bhfoiridh Dia ar an bhfear a bhfuil na céadta faoi.- Bhí cailín deas ann fadó ach bhí droch máthair aicí. Máire an t-ainm a bhí uirthí. Cailín maith do b'eadh í. Bhí (deir) deisbhrúr aici agus Uná an t-ainm a bhí uirthí. Cailín leisceimhail do b'ead Úna. Bhí an máthair i ngrádh le Úna ach ní raibh grádh ar bith aici do Mháire.
Lá amháin dubhairt a máthair le Máire a dhul amach sa gcoill ag piochadh salcuacha ach níor mhaith le Máire a dhul amach mar bhí an tráthnóna go fuar. Mar sin féin chuaidh sí amach. Chuartuigh sí gach áit ach ní bhfuair sí ceann ar bith. Annsin chonnaic sí teine ar lasadh sa gcoill.
Chuaidh sí go dtí é. Míosa [ ]
na bliadhna a bhí ann. D'eirigh an Mhárta agus bhuail sé buille ar teineidh. Annsin bhi go leor salcuacha thar timpheall uirthí. Phioc sí iad agus d'imigh sí abhaile. Seachtmhain indhiadh sin chuaidh sí amach arís ag piocadh súgh- talmhan. Chuaidh sí go dtí na míosa agus fuair sí na súgh-talmhan agus d'imigh leithi abhaile. An lá seo Chuaidh Úna go dtí na Míosa, D'eirigh mí na Nodlag agus thosuig sé ag bualadh an teinidh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dominic Ó Fáodagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe