Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Aon uair amháin casadh beairt fir le chéile. Fear beatha agus fear tanaidhe a bhí ionnta.”
Aon uair amháin casadh beirt fhir le chéile. Fear beatha agus fear tanaidhe a bhí ionnta. Bhíodar ag siubhal go dtáinigeadar go bóthar na sgeice. D'iarr an fear tanaidhe ar an bhfear eile ce'n sórt leabhadh a gcodluigheann sé ar agus dubhairt seisean ar leabhaidh clúmhaigh. Chuaidh an fear beatha abhaile agus d'fhan an fear eile ag siubhal thart agus chonnaic sé cleite. Thóg sé suas é agus chuir sé in a phóca é. Nuair a chuaidh sé abhaile chuir sé an cleite i dtaisce go dtí am codladh. Thóg sé síos an cleite agus leag sé ar an talamh é agus luigh sé siar air. Shíl sé go gcodhladh sé go sámh go maidin.
D'eirigh sé ar an sé a chlog agus ní raibh cnámh ann nach raibh pian ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Cruadhalaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe