Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cupóg sráide. Baineann sí an bhrigh as an tal. Dá gcuirtí seacht mbliadhna i bpoll an chlaidhe í d’fhásfadh sí in a dhiaidh sin, dhá gcaithtí[-gcaithte-] sa gcriafóig í, agus da gcaithtí sios ins an bpoll is doimhne sa bhfairrge beadh sí ag fás go gcuirfeadh sí cloigeann in uachtar. Tá leigheas as le h-aghaidh dóghadh neanntóg.
    Bráiste. Tá síol an bhráiste in-don seacht mbliadhna a sheasadh sa talamh. Nuair a bhrisfea[s] an talamh ath-uair fásfaidh sé chomh maith le ariamh. Mar a dtairrneoir as é ní fhágfaidh s[é] maith na maoin leis an mbárr mar dóghann sí agus sgallann sé an bárr.
    Cúralán. Ní dhéanann sé aon dochar do’n talamh. Acht tá sé go deas le n-ithe dá n-eireo[ch]a leath [.i. *“leat” .i. *“dá n-éireodh leat”] é a fhágháil ní bhíonn sí acht i gcorr áit.
    Neanntóg dhearg. An-droch luib an neanntóg dhearg, fásann sí an tiugh agus cuireann sé an bárr in dhiaidh a chúil.
    Léite. Luibh a fhásas ar thalamh bocht uisgeamhail agus chuirfeadh sé na caoirigh chun báis a d’íosfadh é.
    Gáirleóg. Is grándha an luibh é an gháirleóg a bheith i gcimín in áit a mbead beithidhigh bainne mar cuirinn sí droch bhlas ar an mbainne agus ar an im agus ní féidir a ól ná im
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge