Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Laethanta Áithride”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dia Luain. Nach ceart gruaig duine do bhearradh Dia Luain. “Lomadh Luain nó fuadach seachtmhaine.”
    Laetheannta an tsean-bhó. An lá deiridh de Mhárta agus an chéad dá lá d’Aibreán. Sean-bhó a bhí faoi dhraoidheacht shíl an Márta í agus a chur chun báis acht chlis air. Nuair a bhí an Márta caithte acht aon lá amháin, bhain sí cor as a driobal agus chraith sí é ag magadh faoin Márta. Nuair a chonnaic an Márta go raibh sí ag fághail an ceann a bfearr uirri, d’iarr sé aon lá déag ar an Aibreáin leis an tsean-bhó a chur chun báis. Shéid an lá deiridh de Mhárta go millteach agus basg sé an tsean-bhó. An chéad lá d’Aibreáin feannadh í, an dara lá cuireadh í agus bhí an tsean-bhó malluighthe curtha annsin.
    Deirtear nach ceart luatha a chaitheamh amach Dia
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peaits Ó Fathaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe