Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá leigheas ar teanga an Mhada Ruaidh. Dhá mbeadh dealg in do chois, é a chur leis agus bhainfeadh sé amach é.
Tá leigheas ar an uisge a bhíos chac bó. Dhá mbeadh an galar Buidhe ort é a ól agus leigheasochadh sé thú.
Tá leigheas ar Bhilleóga cruach Phádhraic. Dhá mbeadh braon in do cois é a chur leis agus bhainfeadh sé amach an braon.
Dhá n-iththeá dhó trí sháith neanntóga sa Máirt ní thiocfadh aon galra ort.
Triomach agus uisge fola, luibh a bhíos ag fás ar shean-bhallaí ruaidhbhéal ríogh.
Stop uisge ar chapall, roithleóga fiadháin.
Meacain an company togha leigheas le gearra a bheadh ar chapall.
Oiniún rósta le dealg a bhaint as duine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe