Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Bá Anach Cuain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí daoine as Anach Cuain ag dul ar aonach Cnoc an Doláin uair amháin i mbád. Bhí aon-fhear déag agus ochtar mná ann. bhí go leór caoirigh acu freisin. Nuair a bhí siad píosa amach chuir ceann de na caoirigh a cois amac thríd an bád. Sháith ceann de na mná a n-aprún [.i. “a naprún”] ins an bpoll agus ’seard a rinne sí ná an clár a chur amach ar fad, agus chuaidh an bád síos. Báthadh a raibh ann acht aon bhean amháin as Anach Cuain ar ar tugadh Máire Lalaigh. Bhí fear amháin ann ar ar tugadh Tomás Uí Chosgair a bhí indon snámh go maith agus tháinig sé isteach acht chuaidh sé amach arís ag sábháil bean, agus chruinnigh siad ar fad thart air, agus báthadh ar fad iad. Bhí na caoirigh ar fad sábháilte mar bhí siad indon snámh. Tá Anach Cuain seacht míle ó Ghaillimh ar an taobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. bá (~292)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Fheorais
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe