Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Scéal an Mhada Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí trí mhadadh ar bhruach an locha lá. Bhí siad deallruighthe leis an ocras. Siad na trí mhada a bhí ann, ná an mada allaidh, an mada uisge, agus an mada ruadh. Bhí siad in a suidhe annsin go ceann tamaill ag faire go mbéadh iasg ar fághail aca. Níor fhéad siad aon iasg d’fhághail. Annsin bhuail plan ar an mada ruadh agus dubhairt sé na trí drioball a chur san uisge. Annsin chuir siad na trí driobal san uisge. I gceann tamaill thóg an mada ruadh a driobal as an uisge agus chraith sé a driobal. Annsin chuir sé síos aríst é agus dubhairt sé le na madaidh eile gan a dhriobal a chorrú go mbhainfeadh an t-iasg greim astab. Annsin thóg sé aníos aríst a dhriobal agus dubairt sé an rud chéadhna aríst leobh. Annsin chuir sé síos aríst ann é. I gceann tamaill thóg sé aníos aríst as agus shuidh sé ar bhruach an locha. D’fhan an dá mhada san uisge gur tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Innéacs seanscéalta
    AT0002: The Tail‑Fisher
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Ruaidhín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Coill Uachtair, Co. na Gaillimhe