Scoil: Mionlach (uimhir rolla 8800)

Suíomh:
Mionlach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riocard Ó Tighearnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mionlach
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuairim leath-chéad bliadhain ó shoin bhí fear ag obair i nGaillimh. Maidin amháin chonnaic sé fear i n-aice le teach-ósta agus glaodh an fear isteach air. Thug sé pionta uisge beatha dhó agus d’ól sé é. An maidin i na dhiaidh sin thárla an rud céadna, agus gach maidin eile. Aon oidhche amháin nuair a bhí an fear ag dul abhaile glach sé an pledge. Ar maidin thug an fear isteach aríst é. Bhí an gloine i na láimh aige nuair a chonnaich sé gur cosa bó a bhí air. Chaith sé an uisge-beatha leis an bhfear agus ní fhaca sé e uaidh sin amach. Bhí sé ag ceapadh gur bé an diabhail a bhí ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Phroinsias
    Inscne
    Baineann