Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teigheann go leor lucht siubhal thart insan gceanntar seo go mór mhór insan Samhradh. Ní fhanann siad in aon áit amháin igcomhnuidhe acht ag dul ó áit go h-ait.
Nuair a bhíonn siad ag dul thart. Bíonn cairt agus capaill aca le na n-iomchar. Bíonn cabáin aca agus cuireann siad suas ar thaobh an bóthair inaice le coill in áit a mbheadh neart adhmaid aca agus go mhór mhór in áit a mbheadh uisge.
Annsin téigheann siad thart ó theach go teach ag iarraidhe déirce. Téigheann na fir chomh maith leis na mná agus a gcuid málaí ortha. Is minic a bhíonn canaí agus rudai mar sin dá ndíol ag na fir, agus ciseán ag na fir agus díolann siad pictúira nó bláthanna rud ar bith a bhfuigheadh siad airgead air. Is cuma céard e. Is minic nuair a thagann siad isteach nach mbhíonn sé éasgadh iad a chuir amac go bhfuigeadh siad go leor rudaí agus mar sin ní bhíonn mórán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shomacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Shomacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo