Scoil: Clochar ar an bhFáirche

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Nud, Dud agus Daineal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tú dom é." "Ní thuibhreadh mé duit é ar óir ná ar airgead." "Tuibhreadh mé lán do hata oir cugat má thuibhreadh tu dom é." "Bíonn go leor daoine ag déanamh amadán díom fhein acht má sin féin tuibhreadh me duit é." Líon sí an hata leis an óir. Chuaidh Daineal amach agus chuaidh an cailín isteach agus an-athas uirthi. Bhí an snag breach ag leigent béic gach noiméad is ní raibh fhíos ag an gcailín chéard a bhí an snag breach a rádh agus bhí uirthí é á leigint amach agus an-bhrón uirthí indhiaidh an méid airgead a bhí caithte aicí agus bhí an -athas ar Daineal. Easpáin sé an méid óir a bhí aige don bheirt eile agus dubhairt sé leo gur ar an gcroiceann a bhfuair sé an méid airgead. Dubhairt Nud agus Dud gur mharóchaghdh siad féin a gcuid bá agus go bhfuigheadh siad an méid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe