Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 348

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 348

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 348
  3. XML “Rudaí fé leith a mBíonn Meas orthu”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Déantar Cros Bhrighde as dhá chlár. Cuirtear ceann acu treasna ar an gcean eile agus táirnge in a lár chun iad a chongbháíl daingean. Déantar an Cros sin an lá deire do mhí Eanair, agus crochtar os cionn an dorais é. Dóíghtear i gceann na bliadhna é agus cuirtear ceann nua in a áit. Ofráiltear an Chóróín do Naomh Brighid an oidhche sin.

    LUIBHEANNA AGUS CRAOBHACHA
    Tugtar caorthann isteach sa teach Oidhche Bealtaine. Tugtar cuileann isteach Oidhche Nodlag, an Fhailm beannuighthe Domhnach na Failme. Tugtar eidheann isteach freisin i rith na Nodhlag. Caithtear an seamróg lá Fhéile Phádhraig in ónóir de Naomh Phádhraig. Ní dhéantar aon cros in ónóir de Naomh Pádhraig.
    Tugtar uisge beannuighthe trí huaire sa mbliadhain, Domhnach Cásga Domhnach Cingcíse agus lá Nodlag. Tugtar uisge as tobar Mám Éan, as Tobar Muire agus Tobar Feichín i nDubhachta. Deirtear go bhfuil léighiseanna ins na h-uisgí sin

    Fuair mé an eolas seo ó mo shean-mháthair
    Máire Ní Cadhain,
    Dubhachta,
    Corr-na-Móna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. suaitheantais (~307)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cadhain
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Seoladh
    Dubhachta, Co. na Gaillimhe