Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 346

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 346

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 346
  3. XML “Seanfhoirgnithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá lorg dhá chaisleán sa gceanntar seo. Tá ceann i nDún agus ceann i gCunga. Sé Rí Domhnall a thóg an ceann i gCunga. Sé Ódó O'Concubhair a thóg an ceann i nDún. Bhí dún ann ag muinntir Flatharach. Do mhill Feilim O'Concubhair é sa mbliadhain 1233. Thóg Uaitéar de Búrca é arís agus bhí sé in a chomhnuidhe ann. Nuair táinig muinntir Chromaill go h-Éirinn mhilleadar arís é. Choinnigh Earl of Iveagh ceannphort caisleán Cunga Caisleán na Circe gan tuitim isteach in a bhfothrach. Thug Gráinne Ní Máille cuairt air go minic.
    Rinneadh ionnsuidhe ar caisleán Cunga, an uair a bhí na Firbholg agus na Tuatha De Danann ag troid. Bhí an caisleán láidir an uair sin. Deirtear gur cuireadh muinntir an chaisleáin fá draoidheacht, agus go ndearnadh iasg de mhnaoi uasal chaisleáin. Sin í an t-iasg atá le feiceál fós sa tobar in aice an chaisleáin.
    Tá fothrach dá theampull ar Inis-an-Ghoill. Sé Lughnadh Naomtha mac inghine Naomh Pádhraig a thóg ceann acu. Tógadh an ceann eile blianta in a dhiaidh sin. Thart os cionn dorais an tséipéil tá dhá chloigeann déag de na h-Apstail le feiceál ceaptha amach ins na clochaí. Tá lorg na ndoras agus na bhfuinneóg le feiceál fós air.
    Rinneadh mainistir i gCunga sa 12adh aois. Turlach O'Concubhair a rinne é. Sé Feichín Naomhtha an t-abb deire a mhair i gCunga. Is ann a fuair Ruaidhrí O'Concubhair an t-Árd Rí deire a bhí ar Éirinn bás sa mbliadhain 1198.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe