Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “An Leipreachán”
  4. XML “An Mhurúch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    annsin, tóg sé aníos an cloich, is go bfuair sí pota óir faoí. Bhí sí saidhbhir go bráth in a dhaiidh sin.
    Níor chabruigh an leipreachán le aoinne ariamh ná níor bhain sé díoghaltas as aoinne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. "Maighdean mara" a tugtar mar ainm ar an murdhuach san áit seo. Níl an maighdean mara an mhór, mar leath-iasg agus leath dhuine 'seadh í. Tagann sí aníos ar carraigreacha na trágha uaireannta. An fhad is bhíonn sí in a suidhe ar an gcarraig cíorann sí a cuid gruaige. Bíonn brat uirthi. Sgiob duine an brat sin uaithe uair, agus seo é an sgéal.
    Bhí maighdean mara uair, ag snámh sa bhfairrge in aice na trágha, agus bhí a brat leagtha ar charraig. Tháinig fear darb ainm Mícheal Ó Fártach as Lius-Tuirc anuas uirthi gur sgiob sí an brat uaithe. Thug sé an brat abhaile, is chuir sé i bhfolach i díon an tighe í. Lean an maighdean abhaile é. Pósadh annsin iad, agus bhí trúir malrach acu.
    Lá amháin chuaidh an teach tré theinidh, agus thosuigh an brat ag dóghadh. Fuair sí an boladh, chuairtuigh sí isteach san bhfairrge, is chinn ar an bhfear breith uirthi.
    Gach lá téigheadh na páistí síos go dtí an tráigh, agus thagadh sise isteach ar an tráigh, agus chíoradh sí a gcuid gruaige, is thiubhradh sí gach aire dóibh, acht ní bhfuair an fear greim arís uirthí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. murúcha (~305)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe