Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Arán na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa tsean aimsear bhíodh cúpla saghas aráin acu. Déintí arán as cruithneacht, min-choirce, agus beagán plúir. Do mheileadh na daoine an coirce sa mbaile. Mheiltí an coirce idir dhá chloich ar a dtugtaí bróinte. Bhíodh na bróinte cruinn, agus poll i lár gach cloich. Bíodh inneall beag ag obair idir dhá chloich agus lámh air. Chuirtí an coirce isteach idir an dá cloich agus meiltí é. Níl aon bhró ar usáid anois.
    Déintí arán as fataí fadó. Ar dtús baintí an croiceann de na fataí agus bhídís measgtha le plúir, salann, sóid agus leamhnacht. Chuirtí síos annsin iad ar fríochtán agus im fútha, agus déintí iad a bhácáil. Ithte te iad nuair a bhéadh siad bácáilte. Déintí fós iad. Déintí aráin as bocstí fadó. Ní dhéantar fos é. Chuirtí cáca le bácáil in oighean nó i mbácús.
    Déintí arán freisin ar greidill. Ní bhíodh maide aráin acu fadó, acht uaireannta bíodh spunneóg mór adhmaid acu chun an cáca fuinneadh.
    Déintí arán speisíalta ar ócáid pósta, le h-aghaidh Nodlag agus Caisg, agus dhá mbeadh stráinséar ag teacht déintí é. Cuirtí cros ar bhárr an císte, chun é a bhacáil gan móran moille. Déantar fós é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 47
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe