Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'itheadh na sean-daoine trí béilidh sa ló fadó. Sé an t-ainm a bhí ar gach ceann acu ná bricfeasta, dinnéar, agus suipéar. D'ithidís ceann ar maidin, ceann i lár an lae, agus ceann san tráthnóna. Ba gnáthach le daoine obair a déanamh roimh an gcéad beile ar maidin.
Bíodh fataí acu le n-ithe ar maidin, leite min buidhe i lár an lae, agus fataí arís sa tráthnóna. Óltaí a lán bainne freisin, bainne reamhar, bainne géar, agus leamhnacht.
Bíodh an bhord i gcoinnibh an bhalla. Dhá mbéadh a lán daoine ag ithe, bhéadh an bord i lár an tighe. Crochtaí an bhord suas leis an mballa annsin, nuair a béadh an béilidh críocnuighthe.
Ní bhíodh acu fadó acht arán min-coirce. Déintí an aráin as min-coirce, sóid, salann agus bainne géar. Nuair a bhéadh an cáca déanta cuirtí in a seasamh in agaidh dhá fhóid móna é, agus déintí é a róstadh leis an teine.
Ní bhíodh aon fheoil acu fadó, acht feoil sicín uaireannta. Bhéadh an feoil sin úr. Ithtí éisg freisin. Gheibhtí iad sa bhfairrige, sa loch, agus ins na h-aibhneacha.
Ní bhíodh biadh áirithe acu fadó ar ócáidí speisíalta, acht bíodh uibheacha acu Domhnach Cásga, agus bhéadh féasta beag acu fá Nodlaig. Bhíodh cruithneacht bruithte mar biadh acu freisin. "Gráin Bruithte" thugaidís air.
Is cuimhin le cuid de na sean-daoine tae theacht go dti an cheanntar an chéad uair. Ní bhíodh cupáin ann roimhe sin. Ní bhíodh acu acht Naigíní móra le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe