School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)

Location:
Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Page 325
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó nuair nach raibh bróga go flúirseach, ní caitheadh muinntir na tíre iad go mbéadh siad suas le fiche bliadhain. Tá trácht ar fear darbh ainm "Béarach" a bhí istigh i nDún cúpla bliadhain ó shoin is níor caith sé bróg ariamh. Is gnáthach le leanbhaí an lae indiu dul cosnachta sa Samhradh, nuair a bhíonn an aimsear go breágh, acht caitheann siad bróga agus stocaí sa nGeimhreadh. San am fadó téigheadh an t-aos óg cosnachta an cuid is mó de'n bliadhain idir Samhradh agus Geimhreadh.
    Bíonn piseóg ag na daoine fá uisge na gcos agus deirtear "Nach bhfuil sé ceart é a caitheamh amach san oidhche". Má nightear na cosa san oidhche coinnightear an t-uisge istigh go maidin agus annsin cuirtear amach é, mar deirtear má caithtear amach é go mbéidh na daoine maithe indon an duine sin thabhairt leó. Má caithtear an t-uisge amach san oidhche deirtear:-
    "Thugaibh, Thugaibh, daoine maithe, an t-uisge salach"
    Déantar bróga i gCorr na Móna, agus deisightear bróga ann freisin. Seo abairtí a bhaineann leis an obair:- paiste, taoibhín, péire tosaidhe, agus bíonn meanadh, ceap, sgian agus casúr mar uirlís aige. Bíonn céirín aige freisin le cur ar an ruadhóig nuair a bhíos sé ag fuagháil na mbróga. Bhí an ceird sin ag an ngréasaidhe le fada. Bhíodh ghréasaidhe níos flúirsighe san áit fadó ná mar atáid anois.
    Caithtear bróga bun-adhmaid san áit fadó agus deintí san áit iad freisin. Ní cuirtear séití ainmhidhthe timcheall na gcos, acht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cluain Brón, Co. na Gaillimhe