Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 272
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeál
Bhí Rí sa doman thoir fado agus bhí triúr mac aige agus bhí sé fhéin agus iad fhéin an-mhór lé chéile. D'eirig fearg eatorra agus ní ghéilleadh an clann mhac don-n-athair agus dúbhairt sé go ndibreocadh sé as a ríogacht iad agus nach dtubhradh sé dhóibh ach sgilling an duine
Bhí go mait Dhíbir sé as an ríoghacta iad agus thug sé sgilling an duine dhóib. Bhíodar ag imtheacht leó go dtáiniceadar go dtí crosbhóthar. Cuaid duine acu soir duine eile siar duine ó dheas
Bhí an mac ba seine ag imteacht gur casadh ceannaidhe bóthair leis agus é ar leath cois ar leath láim agus ar leath shúil. Tá rud annseo agam agus is fiu ríogact é. Cé méad a bhead agad ar a deir mac an Rí. Leath a bfuil agadh a deir an ceannaidhe. Thug sé leath na sgillinge a thug a-atair dhó an lá a dimtig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)