Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear agus bean ann fadó pislín agus straoillín a bhí mar ainm ortha.
    Bhí siad fíor bhocht. Lá amáin dubhairt an fear go racadh sé fhéin a saothrughadh luach mála plúir. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc chuaidh an fear a saothrughadh agus chuaidh an bhean i gcoinne mála plúir.
    Nuair a tháinic an bhean abhaile chuaidh sí a deanamh cáca nuair a bhí sí a cur an phlúr ar an mbáisín thuit míol síos sa mála. Thug an bhean an mála plúir amac ar an ngarraidhe agus dhóirt sí an plúr amac ar a bféar. Dimhthigh an plúr leis an ngaoith agus chuaidh an bhean abhaile folamh. Nuair a tháinich an fear abhaile bhí sé fiadháin nuair a chonnaic sé an cleas a rinne sí.
    Dubhairt sé leis an mbean rachadh mise ag obhair amáireach agus teirigh thusa ina mharghaidh agus ceannuigh muc agus nuair a thiocfas tú abhaile marbhuigh í agus leasuigh cupla das gabáiste leis i bfeóil agus bíodh sin deanta nuair a thiocfas mise abhaile amáireach.
    Bhí go maith chuaidh bhean ina mharghaidh agus chuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomas Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dubhachta, Co. na Gaillimhe