Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhíodh an focal seo ina bhéal i gcomhnuidhe. Go raibh mo craiceann ag an Diabhal. Bhí sé bun aosta go maith nuair a chailleadh é. Sé an áit a raibh sé ina chómhnuidhe inaice drochid i dteach beag dhó féin agus a chuile oidhche ó cailleadh sean Tomás Tomas a t-ainm a bhí bhíodh an torann ag an droicead agus ní raibh fhios ag na daoine céard a bhí a deanamh an torainn.
    Bhí grabaire beag ar an mbaile agus dúbhairt sé lá Manam a Mham go rachfa mise síos ag an droceadh anocht. Óra Bora ná gabh ná marbóchaid na sidheóga thú a deir an Mháthair ach, níor thug sé aon áird uirthi. D'imigh sé leis tuitim na h-oidhche agus chuaid sé síos go dtí an droicead agus cé a bhead ann ach sean Tomás agus sean mhála aige agus é dhá lasgad in-agaid an drochid.
    Rith sé abhaile M'anam a deir sé gur bé sean Tomás atá ann agus sean mhála aige agus é dhá lasgad in agaidh an drochid. Ní raibh Tomás ach trí lá caillte. Rachfa mé ag an sagart agus infeocóca mé dhó é. Níor chreid an sagart é ach mar sin fhéin chuaid sé leis go dtí an drocead agus bhí Tomás annsin agus sean craiceann aige agus é dhá lasgadh i nagaid an drochid. Dfirfuig an sagart dhó céard a cas annsin é agus dúbhairt sé gur bhí sin an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Duithche
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Tobair, Co. na Gaillimhe