Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 199
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- TomhaiseannaFear beag ina sheasamh leis a gchlaidhe, itheann sé gach a bhfhághann sé acht ní ólann sé tada? Uisge.
Céard tá i dul i gcosamhlucht lé leath na gealaighe? An leath eile.
Micheálín sa gcómhra agus céad cóta mór air. Gasgabáiste
Cuaidh mé amach agus thug mé isteach an rud nár theastuigh uaim. Dealg.
Thuit sé leis an aill agus níor briseadh easna ann. Seighlmide.
Céard cuid is aoirde den bhó A géim.
Molt sa gcró is a thóin sa bpota. Sé a thóin fhéin atá sa bpota
Fuair mise nead sa sliabh i lúibín aistimhl mo chroidhe ceist agam oraibh a muintir a tighe. Bean a fuair a fear caillte sa sliabh agus bhí nead éin istigh ina chloigeann.
Tá sé ar bhois is tá se ar bhais(leanann ar an chéad leathanach eile)