Scoil: Corr na Móna

Suíomh:
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P. Ó Maille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corr na Móna
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “An Drochshaol”
  4. XML “An Chaoi ar Shabháil Maolra Ó Caomhanaigh Fear ón Uaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cailleadh an chuimse daoine sa bparáisde seo sa droch shaoghal le ocras agus feabhras. Bhí oisbidéal ar an bhFáirche le haigh daoine tinne agus caillead a lán ann.
    Bhí fear darb ainm Sceathail íoctha leis na daoine a chur. Bhí cairt asail aige le haigh daoine a thabhairt 'un na cilleadh. Tugadh Sceathail na gCorp mar leas ainm air. D'faghadh sé sgilling as ucht gach uile dhuine a chuirfeadh sé.
    Bhí bean eile a raibh Bed(?) Mhór mar ainm uirre leis na cuirp a chur ins na conraí. D'faghadh sise sgilling eile agus bhí sgilling eile a dul don suinéaraidhe a gnitheadh an conra.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. Ó Máille
    Inscne
    Fireann
  2. An Chaoi ar shabhail Maolra ÓCaomhanaig Fear on Uaigh.
    Bhí fear caillte san oisbidéal ach is docha nach raibh air ach meirbhthean. Horduigheadh conra dhó agus leagadh é taobh amuigh den doras. Tháinic Sceathail ach ní raibh Bed Mhór le faghail leis an gcorp a chur sa gconra. Bhí sé amach sa lá agus d'imthigh Sceathail abhaile agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.