Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 152
- XML “Amhrán - Bainne na Féile”
- XML “Amhrán - Comhairle do na Cailíní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Curfá
A dtuigeann tú mo chás a bhean atá gan aon locht
A Chríost nach deas an rud é bainne na féile. - A chailíní is a chailíní deanfhaidh mo chomhairle-sa
Ná bídis ag gabhail le na buacaillí óga.
Béidh siad dár mealladh dár chealgadh agus dár pógadh
Go bhfágfadh siad fá bhrón sibh is ní fuí dhóibh sibh a phósadh.
II
Chaith mise seacht seachtmaine i Mainistir na Buala.
Mo luighe ar mo leabaidh ní in mo chodhladh na in mo dhúiseacht
Gur shíl mé i ngach chuile leath-uair go dtuibraidh an sagart fá rún agam.
Ná go ndeanfhaidh mé ceangailt leat dtí gur chaill mé mo chlú leat.
III
Éireocadh mise i mbárach le fainne an lae gléigeal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Béartha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ráithe, Co. na Gaillimhe