Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Maguidhir, Maighréad, Bean de Buitléir

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tír na Cille | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Amhrán

Faríor géarr nár cailleadh mé lá baisteadh mé go h-óg

[[Amhrán an Bhá / Curachaí na Trá Báine]]

I
Faríor géarr nár cailleadh mé lá baisteadh mé go h-óg.
Fágadh mo chaon aonraic mé gan feithide in mo dhiaidh beo.
Níl dearbhrathair 'am is níl deirbhsiur 'am is níl mháithrín beo
Is tá mo athair go lag lúbac is a Dhia cé h-ionghnadh dhó
II
Mo mhallacht de na coraca is mo bheannacht de na báid .
Mo mhallacht den poll báidhte atá thar ag an tráigh bhán.
Báthadh mo ceathar dearbhrathair ann a raibh duine acú bán.
Mo Mhicheal bán ba measa liom dá bhfaca mé beo ariamh.
III
Thorruigh díbhse dearbhrathaireaca nach dtagann isteach i dtír.
Thar a bheith a mucáil idir carraigeacha is dhá gcuir ó thaobh go taobh
Is go gcaoineadh mná an baile sibh i gcleamhnas is gabhail linn
Is go gcaoineadh ár máithrín féin sibh go doimhin á thaobh a chroidhe.
An Chríoc

Faisnéiseoir
Brígid Seóighe
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge