Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Scéal - Pádhraic Sáirseal agus an Feilméara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sgéal
    Pádhraic Sáirseal agus an Feilméara
    Bhí feilméar amach ó Ghaillimh agus bhí inghean an deas aige. Bhí Pádhraic Sairséal agus í fhéin an mhór le chei[le] agus bhí faitchíos air i ndhiaidh nach bhfuigheach sé í ón a h-athair. Níl uair a bith a theigheadh Pádhraic agus an feilméara ag aonach nach dtiubhradh Pádhraic an feilméara isteach ag tabhairt óil dhó. Dóladh an feilméara sin uaidh.
    Bhíodar mar sin ar feadh dhá bhliadhain nó go raibh luaith a chuid chaorach agus a chuid beithidheac ólta chuig Pádhraic leis an feilméara, nuair go raibh sé bochta amach. Níor fhan misneach ar bith ag Pádhraic nuair a bhí a chuid airgead caithte. Dfhiarr fear eile annsin, Seán Ó Mórrú an inghean ar an bhfeilméara agus bhí sí le fághail aige. Bhí siad le chleamhnas a shocrughadh annsin, Domhnach tar éis an Aifrinn í dteach ósta.
    Chuala Padhraic Sairséal go raibh siad leis an chleamhnas a shocrughadh an lá sin tar éis an Aifrinn. Chuaidh an feilméara agus Sean Ó Mórrú go dtí an teach ósta. Chuala Pádhraic Sairséal go raibh siad ann. Chuaidh sé isteach agus bhí an feilméara agus Seán Ó Mórrú ag ól ins an seomra. Dfhiarr sé leath gallún portor ar mnaoi an tighe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Maoilruaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe