Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís í agus níor stop sé ariamh gur thug sé suas ag teach a dhearbhráthar i, agus chuir sé breathnughadh isteach an fhuinneóg í agus í ag marcuigheacht ar capall.
Nuair a déirigh sé ar maidin agus nuair a chonnaic sé a mháthair ag breathnughadh isteach air, sgannthruigh sé agus chuaidh sé síos chuig a dhearbhráthair agus dubhairt sé leis í chur aríst agus go dtuibhraidh sé cúig púnt dhó. Thug sé leis í agus chuir sé í agus an chéad oidhce eile thóg sé aríst í agus thug sé suas chuig an bhfuinneóig í agus í ag marcuigheacht ar capall agus pice in a láimh aici.
Nuair a déirigh an dearbhratháir ar maidin agus nuair a chonnaic sé a mháthair agus an capall agus an pice, sgannthruigh sé agus dubhairt sé le na dhearbhratháir í a chuir aríst agus go dtuibhraidh sé deich bpúnt dhó. Níl baoghal ar bith orm í a chuir aríst ars an dearbhratháir mar nuair a bhí mé dá chur indé dubhairt sí liom nach bhfanfhadh sí suimneach san uaigh go deo go dtuibhraidh tusa leath na talamhain dhóm. Thug sé leath na talamh dhó agus bhí an bheirt saidhbhir uaidh sin amach agus níor chorruighe an mháthair ó shoin.- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Samharain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe