Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - An Bheirt Deartháir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tsean bhean na capaill, rith sí agus séard dubhairt an fear "nuair is chruaidh don chailligh caithfidh sí rith."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann aon uair amháin agus ní raibh aici act beirt mhac. Bhí an chion aici ar an mac ba shine, acht níor thaitnigh an mac eile léi chor ar bith. Phós sé annsin agus ní leigfheadh a mháthair isteach é agus beigean dó féin agus dá mnaoi fanacht amuigh i sciobál.
    Ní raibh acú le n-ithe acht cúpla fata an trathnóna sin agus nuair a bhí sé an oidhce, chuaidh sé chomh fada le teach a mháthar agus ghoid sé mála mór fataí. Nuair a deirigh a mháthair ar maidin lár na bhárach agus nuair a chuala sí go raibh an mála fataí imthighte, bhí sí le buille agus chuaidh sí chomh fada leis an bhfear glic, agus dfhiafhruigh sí de cé ghoid an mála fatai agus dubhairt seisean gur bé an té a mbeadh an sneachta leghtha ar a theach ar maidin a ghoid na fataí.
    Nuair a deirigh sí ar maidin, bhí sé an naoi a chlog agus bhí an sneachta leagtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Samharain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe