Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Pisreoga”
  4. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pisreóga.
    1. Nuair a bhíonn daoine ag dul chuig torramh, cuireann siad gráinne salann ina bpocaí.
    2. Nuair a bhíonn bó thar éis laoigh, cuireann siad snáithe dearg ar a ruball.
    3. Oidhce Bealtaine cuireann siad slat caorthann ar shoithigh an bhainne.
    4. Lá Bealtaine ní chuireann siad an luaith amach.
    5. Ní chaitheann daoine uisge salach amach san oidhce gan a raibh "Chugaibh, chugaib, a mhuintir amuigh, an t-uisge salach".
    6. Ní chaitheann siad uisge na gcos amach san oidhce gan splainc dhearg a chuir san uisge.
    7. Cuireann siad splainc dhearg faoi an gcuinneóig nuair a bhíonn siad ag deanamh maistriughadh.
    8. Ní chaitheann siad aon uisge amach nuair a bhíonn siad ag deanamh an maistriughadh.
    9. Nuair atá duine ag coigilt na teineadh san oidhce déanann sé comhartha na croise ar leic an tealaigh.
    10. Dá mbeadh duine amuigh san oidhce agus timpist ar bith eirigh dhó - Cuir a gcás dá dtuiteadh sé ba ceart dó nuair a thiocfhadh sé isteach gráinne salann nó ruainne ime ithe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
      2. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheal Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    16
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le na chuid oibre a dheanamh, beidh sé gan deanamh aige.
    43. Caillean duine rud le na mhuineadh
    44. Madadh ag ithe féir sin cosamhalacht báisteach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.