Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 119
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)17. An té nach muinfhidh Dia, ní muinfhidh an saoghal é.
18. Glór árd, gníomh beag.
19. Is fusa cainnt a dheanamh na casóg.
20. Is fearr cara sa gcúirt na punt sa sparán.
21. Bíonn blas deas ar an mbeagán.
22. Níl an cáthair mar a thuairisg.
23. Níor dhóig an sean chat é fhéin ariamh.
24. I gan fhios den dlighe is fearr a bheith ann.
25. Nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an ciall amuigh.
26. Is luachmhar é an tanam.
27. Is é an duine é an t-éadach
28. Tigeann fear léigheann leath-fhocal.
29. Is fearr grádh ná faithchíos.
30. An té nach bhfuil láidir ní fuláir dó bheith glic.
31. Éist le fuaim an abhainn agus geobhfhair breac.
32. Is fearr go mall ná eirigh go moch.
33. Ní deanfhadh an saoghal capall rása do asal.
34. Bíonn ádh ar amadán.
35. Fágann an lá locht ar obair na h-oidhce.
36. Ná díol de chearc an lá fliuch
37. Ceann mór na céille bige.
38. Bíonn ceann caol ar an óige.
39. Ní théigheann ciall roimh aois
40. Ciall ceannuighte is í is fearr.
41. Caora mór an t-uan i bhfad.
42. Duine ar bith a bhíonn ag brath ar daoine eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe