Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 118
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 118
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé amach ina shioda. (móin)
11. Tá sé thoir agus tá sé thiar, tá sé i ngáirdín Bhaile Athá Chliath, is mó a greim na greim capall agus ní bhlasfhainn sé do bhiadh (speal)
12. Cén tám is aoidge cuaidh mairtfheóil (nuair a léim a bhó thar an Gheallaigh)
13. Trí cosa ináirde, dá chois ar an talamh, agus cloigeann an duine beo í mbéal an duine marbh
(Pota ar chloigeann duine) - 1. Tosnughad maith leath na hoibre.
2. Ní hé lá na gaoithe lá ná scolb.
3. Ní thagann an óige fá dhó choidche.
4. Ag cuimilt mealla ar dhruim na muice meithche.
5. An té bhíonn ag magadh, bhíonn a leath fá fhéin.
6. An té nach iompruigheann a chóta leis lá bréagh, ní bheidh sé aige lá fluich.
7. Cruinnigh suas tiuocfhadh an la fluich.
8.Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
9. Nuair is cruaidh den cailligh caitfhid sí rith.
10. Is ar mhaith leis fhéin a dheanann an cat cronán.
11. Ní túisge deoch na sgéal
12. Is fearr marcaigheacht ar gabhar ná coisidheacht dá fheabhas.
13. Is maith an tannlann an t-ocras
14. Is fearr go feirneach ná go bráth.
15. Bíonn blas deas ar an óige.
16. Is geall leis an bhfiac dubh an ghearrach féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheal Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe