Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 111
- XML “Scéal - An Rí Saibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis go gcaitfheadh sé a mharbhú. "Ó ná marbhuigh fós é adeir sé, tá rud eile le deanamh aige, agus má dheanann sé é sin tabhair an inghean dhó." "Chaitfhidh sé buidéal uisce a thabhairt as tobar atá sa Domhan Thoir agus é bheith annseo ar maidin amáireac aige. Tá sean bhean annseo atá indhan rith chomh tréan leis an ngaoth agus rachadh sé leithe."Tá sé réidh anois" ars Cluas ar Éisteacht, "caitfhidh sé buidéal uisce a thabhairt as an Doman Thoir agus bheith annseo ar maidin aige." "Deanfhaidh mé é sin" ars "lús" an fear a bhí i ndhan rith níos tréine ná an ghaoth.
Nuair a tháinig an oidhce dimthigh leis é fhéin agus an cailleach agus níor stop siad gur tháinig siad go dtí an tobar. "Tá muid tuirseach anois" adeir sí agus leigfimíd sgíth." Shuidh siad síos agus nuair a fuair an cailleach ina suidhe, tharraing sí ribe as a chloigeann agus thuit sé ina chodhladh agus as go bráth léi. "Tá sé réidh anois" ars Cluas ar Éisteacht "chuala mé an cailleach ag tarraingt ribe as a chloigeann agus tá sé ina chodhladh." Ní dheárna fear na séideóige acht séideóg a thabhairt agus chuir sé suas san áer é, agus chuir sé an cailleach fiche míle soir ón tobar. Rith sé annsin chomh tréan is bhí sé indhan agus bhí sé ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe