Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Scéal - An Buachaill Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an mbuachaill, agus mharbhuigh sé an oilphéist, agus dimthigh sé abhaile ag a mháighistir. "Bhuel" adubhairt an fear leis, "tá mise ag dul ag bainis, agus tiocfhadh tusa liom, agus caitfhidh tú súil a choinneál ar chuile phláta sa teach, agus dhá shúil ar mo phláta-sa.
    Thagidh an buachaill leis, agus chuile bullán a bhí ag fear an tighe, bhain sé na súile amach asta, agus chuir sé isteach i mála iad, agus dimthigh leis chomh fada le teach na bainse, agus dfhág sé súil ag chuile phláta, agus dhá shúil ar phláta a mháigistir. Chonnaic an fear na súile, agus dubhairt sé leis an mbuachaill nach sin é an rud a dubhairt sé chor ar bith. "Bhfuil tú ag fághail lucht air" ars an buachaill. "Tá" dubhairt an fear agus bhain an buachaill na cluasa de, agus cailleadh é. Dimthigh an buachaill abhaile chuig a mháthair, agus bhí siad saidhbhir arís go deó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    AT1004: Hogs in the Mud; Sheep in the Air
    AT1005: Building a Bridge or Road
    AT1006: Casting Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Martain Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe