Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Scéal - Fear an Chamáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agatsa amháin, mo bhall dubh faoi an sgeithigh sin thall go mbídh an tAifreann thart agus feicfhidh gach aon duine mé annsin ag imtheacht in m'aingil geal go na Flaitheas." "Seo anois fáinne dhuit bhí ag mo bhean agus nuair a fheicfheas m'inghean (thú) é, annochaidh sí é agus fiarreochaidh sí shíot, cá bhfuair tú é, agus annsin innis mo sgéal."
    Dimthigh leis annsin agus chuaidh an ghabha a chodhladh go dtáinic an duine uasal ag glaoidheach air ar maidin. "Tá tú beo" ar seisean. "Níor cailleadh le claidrigheacht ariamh mé" ars an gabha. Nuair a tháinic sé chun a tighe, fuair sé baisín uisge dá nigheachán fhéin. Chuaidh inghean an tighearna tharais agus chonnaic sí an fáinne.
    "Ó" ar sise "cá bhfuair tú fáinne mo mháthar". "An aithnigheann tú é" ars an gabha. "Ó aithnighinn" ar sise "tabhair dom é". "Suidighidh síos anois agus inseochaidh mé an sgéal ó thús go deireadh díobh". Dinnis sé dóibh mar fuair sé é agus thug sé an mac leis go dtí an teach mór gur teasbáin sé an t-airgead agus an t-óir dhó. Dimthigh leo annsin thart ag na tionnántaí uilig agus thug dóibh ar bhain sé ecóireach díobh agus tuilleadh leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mártain Ó Spealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe