Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 061
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 061
- XML “Scéal - Cailín ar Éirigh léi”
- XML “Scéal - Fear an Chamáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)púnt leis.
Chur an dara fear ar phós míle púnt "gur aige féin bhí an smacht is mó aige ar a bhean." Chur an fear ar raibh an bhean crosta aige dhá míle púnt "gur aige féin bhí an smacht is mó aige ar a bhean."
Ghlaodh an chéad fear ar a bhean. Dubhairt sí nach bhfeadfadh sí go raibh sí ag roinnt na gcártaí. Ghlaodh an dara fear ar a bhean. Dubhairt sise nach bhféadfadh sí teacht go mbeadh an cluiche críocnuighthe. Ghlaodh an fear eile annsin ar a bhean.
Níor rinne sí acht na cártaí a caitheadh anonn agus anall agus tháinig sí chuige. Anois ars an fear nach agam atá an smacht is mó ar mo bhean. Annsin béigin don bheirt eile an t-airgead a thabhairt dó. - [/](leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe