Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sé le'n a mnaoi theacht anuas don capall agus tháinig sí anuas. Rug sé ar a ghuna agus chaith sé an capall. "Tuige ndearna tú é sin" ars an bhean. "Ó" ars an fear chuile rud nach ndeanfaidh mo chomhairle sin é an rud a gheobhfhaidh sé." Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí go leór daoine freastal ag an bhfear seo. Bhíodh siad ag fághail neart rudaí deasa le h-aghaidh an dinnéir agus ní raibh an fear agus an bhean ag fághail acht salann agus fataí.
"Tuige" ars an bhean lá "bhfuil na buachaillí agus na cailíní sin ag fághail neart rudaí maithe agus níl muide ghá fhághail acht rudaí dona." "Nach bhfuil siad ag obair ar a shon" ars an fear "dá rachann ag obair mar sin" ars an bhean an mbeinn ag fághail rudaí maithe." "Tuige nach mbeith" ars an fear. Chuaidh an bhean ag obair as sin amach.
Thug athair na hingeanacha annsin cuireadh ag a thrúir cleamhnaidhe agus a gcuid mna. Tháinig siad uilig agus bhí an spóirt aca. Chuaidh an trúir fear i seomra amháin agus bhí an trúir mná i seomra eile agus iad ag imirt cártaí.
Thosuigh na fir ag argoint faoi na mná. Dubhairt an céad fhear ar phós "gur aige féin bhí an smacht is mó aige ar a bhean" agus chuir sé cúig céad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Bhéartha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ráithe, Co. na Gaillimhe