Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ó dubhairt an fear ní fheadfadh mé an inghean sin a thabhairt duit, mar bhrisfidh sí agus reabfhaidh sí do theach mar ní dheanfhaidh sí tada dom acht tuibhraidh mé an tríomhadh inghean duit." "Tá go maith" ars an fear. Thug sé leis í agus d'imthigh sé leis.
Ní raibh fagfhaidh anois ag an fhear acht an inghean ba shine, agus dá dhána agus a bhí sí cheana bhí sí seacht n-uaire níos measa anois. Ní dheanfhadh sí tada don fhear agus bhí sé tríd a chéile. I gcionn bhlíadhain eile tháinig fear eile agus d'fíarr sé an inghean air. "Ó ní thuibhraidh" ars an fear "mar ní fhagfhaidh sí tada agat, agus tá sé chomh maith agat imtheacht ag suibhal na bóithre ná i bheith agat."
Ná bac leis sin ars an fear ceansóchaidh mise í." Bhí capall mór aige agus dubhairt sé leis an bhean a ghabhail suas ar a chúl. Chuaidh sí suas agus d'imthigh leo. Bhí siad ag dul treasna sléibhe agus bhí cú aige. Is geárr gur éirigh girrfhiadh agus lean an cú í. Thosuigh an fear ag iarraidh é a stopadh agus ní stopfadh sé. Tháinig sé ar ais agus é féachta amach. Rug an fear ar ghuna a bhí aige, agus chaith sé an chú. Níor thug an bhean áird ar bith ar sin. Is geárr go dtáinig siad go geata a thighe. Bhí geata mór ann agus thug sé iarraidh don chapall.
Ní leimfeadh an capall an geata agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Bhéartha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ráithe, Co. na Gaillimhe