Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 058
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí triúr inghean aige. Bhí beirt aca an deas agus an-chineálta acht bhí an duine is sine an-chrosta. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag déanamh chuile rud as an mbealach. Bhíodh sí ag caitheamh na soithigh tríd a chéile agus bhídh na cathaoireacha uilig briste aici.
Lá amháin tháinig fear agus d'fhíarr sé ar an bhfear an inghean ba shine a thabhairt dó. A ars an fear ní thuibhreann í sin duit mar ní fhagfhadh sí sin tada beo in do theach. Tá go maith ars an fear tabhair an dara inghean dom mar sin. Fuair sé í agus d'imthigh sé leis. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc i gcionn blíadhna tháinig fear eile ag tóruigheacht na hinghine ba shine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Bhéartha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Ráithe, Co. na Gaillimhe