Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 057
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fathach a bhí in t-athair agus dubhairt sé le do mháthair, thusa bheith marbhughadh agus bruithte dhó nuair a thiocfhada sé abhaile, go níosfhadh sé thú.
Tháinig mise chuig an teach, agus chuala mé do mháthair ag gol. D'fiafhruigh mé dhi cé'n fáth bhí sí ag gol. Dubhairt sí gur orduigh an t-athair thusa bheith marbh agus bruithte dho nuair a thiocfhadh sé. D'fiafhruigh mise dhi a raibh aon mhuc aici, dubhairt sí go raibh.
Mharbhuigh mé an mhuc annsin, agus ghlan mé í, agus chuir mé síos í ag bruith, agus bhain mé méar dhíotsa, agus chuir mé an mhéar isteach i ngualainn na muice go bhfeicfheadh sé an mhéar agus go mbéadh a fhios aige gur thú bhí aige. Bhain mé an mhéar go do láimh clé agus bhfuil sí anois bainte dhíot. "Tá ar seisean." Nach raibh tú an uair sin chomh gar do'n bás is tá mise anois, bhíos ar seisean is fíor an sgéal é sin. Bhronn sé an capall air agus thug an gaduidhe dubh go h-Éirinn é, agus fuair sé an geall a chur sé leis an bhfear eile.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe