Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear isteach agus an gréasaidhe ar a ghualainn aige, agus nuair a chonnaic an bean é beigean di thosaigh caoineadh, acht ní ndearna an fear eile acht breith ar sgian agus an mhéar a sgiobadh de shean fhear a bhí sa gcluid, agus annsin dubhairt sé go raibh faitchios ortha go gcaillfidhe e, agus gur be sin an fáth a raibh siad ag caoineadh.
Tá a sáith de'n anrógh orraibh cheana adeir an fear agus d'imthigh sé, agus ní bhfuair sé amach cé ghoid an mála óir. Annsin chuir sé sgéal eile amach go raibh mála óir leagtha ar chathaoir an ríogh sa domhan thiar, agus duine ar bith a goideadh é go raibh inghean an ríogh le fághail aige. Chuala an fear seo faoi, agus dubhairt sé go bhfeachadh sé le é fhághail.
D'imthigh sé leis annsin, agus nuair a bhí sé ag dul thar páirce casadh sidheóg leis, agus bhí sé chinn de chaiple sa bpáirc, agus dubhairt an t-sidheóg leis dul ag marcuigheacht ar an gcéad cheann a dhéanfadh seitreach. Bhí an fear annsin ar feadh tamaill, agus is geárr go ndearna an capall ba mheasa, agus ba bhacaigh sa bpáirc seitreach.
Ar aon chuma chuaidh sé ag marcuigheacht ar an gcapall sin, agus ní ndhearna an capall acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe