Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí triúr dearbhrathair ann fadó, agus cailleadh a n-athair agus a máthair nuair a bhí siad an óg. D'fág an t-athair an talamh ag dearbhrathair dó féin agus dubhairt sé leis aire a thabhairt dó go mbeadh an mac ba sine mór agus annsin an talamh thabhairt dhó aríst.
Nuair a bhí an t-athair cúpla lá cúrtha chuir an dearbhrathair na páisde amach agus ní coinneochadh sé iad níos fuide, agus annsin beigean dóibh bheith ag bogadh bóthair gan fios aca cé raibh a dtriall. Ar aon chuma bhí siad ag imtheacht agus ag sior imtheacht go dtáinig siad chomh fada le áit a raibh gainimh agus chonnaic ceann aca lorg capaill san ngainimh, agus dubhairt sé go raibh sí bacach, mar nár leag sí ar an talamh acht trí cosa. Dubhairt ceann eile go raibh sí caoch mar nár ith sí an féar acht ar leath-taobh amháin, agus dubhairt an tríomhadh ceann go raibh sí manntach, mar go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe