Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Scéal - Fleascín Flinn i nGleann an Uaignis”
  4. XML “Scéal - An Triúr Dearthár”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt mé leat gan a dhul isteach sa leabhaidh le faitchíos go raibh poll inntí, agus chaith mé isteach coileán a bhí sa seomra, agus d'imthigh sé as amharc. Annsin chuaidh muid go dtí an luing agus dubhairt mé leat go raibh mo'athair indon éan a dhéanamh de féin agus dhearc muid in ar ndiaidh agus chonnaic muid ag tigheacht é agus thug mé liathroidh dhuit agus dubhairt mé leat é bhualadh ar an bhall dórán agus é mharbhughadh no go marbhochadh sé muid, agus bfactas dom go raibh crith in do laimh agus rug mé ar an liathroidh agus mharbhuigh mé é. Annsin tháinig muid go h-Éirinn agus tháinig muid go dtí teach do 'athair, agus d'fan mise amuigh ar chrann.
    Bhí an stoicín ag éisteacht agus chuimne sé ar féin agus dubhairt leo imtheacht abhaile mar seo í mo bhean adeir sé agus d'imthigh siad agus chaith an stoicín agus inghean Fleasgín Flinn beatha fhada sughach séanmhar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.