Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leigheas sí é. D'fan sé an dara hoidhche agus tháinig na fathaigh aríst. Nuair a bhí siad gar de'n teach, thosuigh siad ag cainnt agus dubhairt siad go raibh fear geanamhail rompa anocht agus go rachadh sé ag imirt cártaí leo. Táinig siad isteach agus reidhtigh siad tae aríst agus dubhairt siad leis cupán tae ól, acht níor thug sé aon árd ortha. Dubhairt siad leis dhul ag imirt cártaí leo acht ní rachadh. Nuair a chinn ortha é mhealladh mar sin cheangail siad le ropa é, agus fuair siad bior iarann agus dhearg siad é, agus bhí siad dá tholladh agus dá lasgadh gur ghlaoidh an coileach ar maidin agus beigean dóibh imteacht annsin.
Ar maidin tháinig inghean an righ chuige aríst agus leigheas sí é. D'fan sé an tríomhadh hoidhche aríst, agus tháinig na fathaigh, agus reidhtigh siad tae. Dubhairt siad leis cupán tae ól, acht níor thug sé aon árd ortha. Nuair a chinn ortha é mhealladh mar sin, rinne siad loch mór uisce taobh amuigh de'n doras, agus chuir siad cloigeann an téireannach bocht síos ann, agus ar maidin nuair a bhí fhios aca nach raibh sé marbh, rug ceann aca air, agus chait sé suas go bárr na spéire é agus nuair a thuit sé anuas, bualadh ar chloch ghlais é, agus chuir sé lorg a dhá choise inntí, acht níor marbhuigheadh é. D'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padhraic Mac Samharain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe